Monday 17 December 2012

Crann na Nollag




 
 
Crann na Nollag 
         
 


Tá said ann a deir go raibh trí chrann Iasmuigh de dhoras tí na Beithile – crann darach, crann olóige agus crann giúise. Thosaigh an dá chrann mhóra ag maíomh, lá.
‘Mise’, arsa an crann darach ‘sínfidh mé amach mo ghèaga mar scáth nuair a chuirfidh an mháthair an leanbhín sa chliabhán amach faoin aer’.
‘Mise’,  arsa an crann olóige, ‘ligfidh mè do m’ológa titim I dtreo go mbeidh ola aici chun an leanbhín a chuimilt go suaimhneach sásta’.
‘Ó, faire go deo, arsa an crann giúise, ‘ní féidir liomsa faic na ngrást a dhéanamh. Tá mo ghuairí róspíonta agus mo bhuaircíní rógharbh dá lámha boga mine’.
‘Faic fónta go deimhin’ arsa an bheirt eile d’aon gháire.
Leis sin tharla go raibh aingeal ag eitilt thart a chuala an comhrá. Lig sí do réalt beag a bhí ag glioscarnaigh go gléineach titim ar bharr an chrainn ghiúise agus bhuail an leanbhín a bhosa le háthas ag an radharc.

(Caitlín Ní Luasaigh)

No comments:

Post a Comment