Crann na Nollag
Tá said ann a deir go raibh trí chrann
Iasmuigh de dhoras tí na Beithile – crann darach, crann olóige
agus crann giúise. Thosaigh an dá chrann mhóra ag
maíomh, lá.
‘Mise’, arsa an
crann darach ‘sínfidh mé amach mo ghèaga mar scáth
nuair a chuirfidh an mháthair an leanbhín sa chliabhán amach faoin aer’.
‘Mise’, arsa an crann olóige, ‘ligfidh mè do m’ológa
titim I dtreo go mbeidh ola aici chun an leanbhín a chuimilt go suaimhneach sásta’.
‘Ó, faire go deo, arsa an crann
giúise, ‘ní féidir liomsa faic na ngrást a dhéanamh. Tá mo ghuairí róspíonta
agus mo bhuaircíní rógharbh dá lámha boga mine’.
‘Faic fónta go deimhin’ arsa an
bheirt eile d’aon gháire.
Leis sin tharla go raibh aingeal
ag eitilt thart a chuala an comhrá. Lig sí do réalt beag a bhí ag glioscarnaigh
go gléineach titim ar bharr an chrainn ghiúise agus bhuail an leanbhín a bhosa
le háthas ag an radharc.
(Caitlín Ní Luasaigh)
No comments:
Post a Comment